Find your parish Donate

Beannachtaí na Cásca ó Easpag Mícheál

Beannachtaí na Cásca ó Easpag Mícheál

“Sa deireadh, beidh an bua ag solas ar an dorchadas, grá ar an bhfuath, maitheas ar an olc agus beatha ar an marbh.”

Fírinne Dhomhain

Gach aon bhliain, agus muid ag ceiliúradh na Cásca, cuirtear fírinne dhomhain os ár gcomhair – fírinne, b’fhéidir, ar gá dúinn a chloisteáil inniu níos mó ná riamh. Cé go mbíonn sé deacair orainn uaireanta, a thuiscint, fágann Aiséirí Íosa Críost muid gan aon amhras sa deireadh go mbeidh an bua ag solas ar an dorchadas, grá ar an bhfuath, maitheas ar an olc agus beatha ar an marbh.

Domhan achrannach

Is pointe an-tábhachtach é, ach go háirithe d’ár ndomhan inniu atá achrannach ar go leor bealaí.  Ní féidir liom ach smaoineamh ar thalamh Gaza báite i bhfuil, an Úcráin agus áiteanna eile atá i mbun cogaidh agus foréigin.  Meabhraítear dom an fuath agus an deighilt a fhágann lorg ar ár ndomhan.  Smaoiním ar an dídeanaí agus an t-imirceach. Ar an scáth a fhágann athrú aeráide. Ar an streachailt atá ann le greim a choinneáil ar chostas maireachtála. Smaoiním oraibh siúd atá in ísle brí, atá ag déanamh bróin dá dhaoine muinteartha, dóibh siúd nach bhfuil áit cónaithe acu.  Dóibh siúd atá tinn nó daoine muinteartha leo tinn.

Bí muiníneach – bíodh dóchas agaibh!

Gach aon bhliain, gaireann Ceiliúradh na Cásca ar phobal creidimh chun muiníne – chun dóchais a bheith acu.  Go leor blianta ó shin, um Cháisc, bhain an mhaith an lámh in uachtar ar an olc.  Is cuma cé chomh dorcha atá sé -tiocfaidh an solas i gcónaí, bainfidh an mhaith bua ar an olc i gcónaí agus beidh Dia na beatha i gcónaí i réim.

Bí mar fhoinse dóchais trí ghníomh!

Gach aon bhliain, gaireann Ceiliúradh na Cásca orainn chun gnímh.  Is féidir linn, ar nós na céad dheisceabail,  domhan níos fearr a chothu tríd an teachtaireacht seo a roinnt, ní amháin i bhfocail ach inár gníomhartha.  Is é mo ghuí an Cháisc seo,  go ndéanfaidh muid cinneadh a bheith mar fhoinse dóchais trí ghníomh.  Go ndéanfaidh muid iarracht a bheith mar sholas sa dorchadas, a bheith ina mhaith san olc, go ndéanfaidh muid iarracht a bheith dóchasach i measc éadóchais. Ná lig sinn éirí tuirseach de labhairt ar son na síochána áit atá cogadh nó an bheatha a cheiliúradh i láthair an bháis.  Lig sinn freastal ar dhaoine in ionad iad a bhrú uainn, tabhairt nuair is féidir linn a thabhairt, cabhrú nuair is féidir linn a bheith cabhrach, a bheith cineálta nuair is féidir linn a bheith cineálta.  Lig sinn a bheith mar léaró dóchais Chríostaí de chuid an 21ú hAois. Bíodh muid mar theach solais dhaonna ag treorú daoine ar bhealach níos fearr i measc dorchadais ár ndomhan.  “Níl Sé anseo! Tá Sé aiséirithe! Tá Sé ag dul romhaibh go dtí an Ghailíl!” (Matha 28)

Beannachtaí na Cásca oraibh!

+ Mícheál Ó Duibhgeannáin

Easpag Chluain Fearta

Easpag na Gaillimhe agus Chill Mhic Dhuach

Riarthóir Aspalda Chill Fhionnúrach